search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: '   chun' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    chun:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    chun:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 622

 

Airteagal 8

Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh

1.   Áiritheoidh agus léireoidh an geatóir go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na nAirteagal sin a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go gcomhlíonann cur chun feidhme na mbeart sin an dlí infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE, reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí, agus na riachtanais inrochtaineachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó gheatóir de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tús a chur le himeachtaí de bhun Airteagal 20.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

3.   Féadfaidh geatóir a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun próisis chun a chinneadh maidir leis na bearta atá beartaithe ag an ngeatóir sin a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 6 agus 7 an mbeidh siad éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach in imthosca sonracha an gheatóra. Beidh lánrogha ag an gCoimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an rachaidh sé i mbun próisis den sórt sin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na córa comhionainne, na comhréireachta agus an dea-riaracháin.

San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.

4.   Tá míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

5.   D’fhonn an cinneadh faoi mhír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir laistigh de 3 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagal 20. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta atá sé a bheartú a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

6.   chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú go héifeachtach le tráchtanna a dhéanamh, foilseoidh an Coimisiún, agus a réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 5 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a mheasann sé a dhéanfaidh sé, nó a mheasann sé ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

7.   Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.

8.   chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(11) agus (12) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime ó thaobh cearta agus oibleagáidí ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.

9.   Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó

(b)

gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó

(c)

nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.

Airteagal 18

Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.

3.   Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

6.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.

8.   chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.

Airteagal 21

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 22

An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil

1.   chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe. Beidh an Coimisiún i dteideal agallaimh den sórt sin a thaifeadadh le haon mhodhanna teicniúla.

2.   I gcás ina reáchtáiltear agallamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo in áitreabh gnóthais, cuirfidh an Coimisiún údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ar ina chríoch a dhéantar an t-agallamh, ar an eolas. Má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, féadfaidh a oifigigh cúnamh a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún chun an t-agallamh a reáchtáil.

Airteagal 23

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas.

2.   Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:

(a)

dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;

(e)

aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.

3.   chun cigireachtaí a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26(2) a iarraidh, chomh maith le cúnamh ó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

4.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh an Coimisiún, na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh sé, agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, a cheangal ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a thabhairt ar a eagraíocht, feidhmiú, córas TF, algartaim, láimhseáil sonraí agus iompar gnó. Féadfaidh an Coimisiún agus na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ceisteanna a dhíriú ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne.

5.   Déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar a éilítear nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht d’údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) a fhorfheidhmiú ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

6.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta a shonrú sa chinneadh sin, socrófar ann an dáta a chuirfear tús léi agus léireofar ann na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagail 30 agus 31 faoi seach, agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ar iarraidh ón údarás sin nó ón gCoimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo acu.

8.   I gcás inar léir do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún gur chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht a dhéanamh.

9.   Más rud é, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, go ceanglaítear leis an cúnamh dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfaidh an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) nó oifigigh arna n-údarú ag na húdaráis sin iarratas ar an méid sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin mar bheart réamhchúraim freisin.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta fíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart comhéigneach á rialú aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), mínithe mionsonraithe a thabhairt go háirithe ar na forais atá ag an gCoimisiún le drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, chomh maith le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus cineál rannpháirtíochta an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.


whereas









keyboard_arrow_down